- An bhfuil suim agat san Iriseoireacht? - An bhfuil spéis agat i gcúrsaí pobail agus i saol na Gaeltachta, go háirithe i gCúige Chonnacht? Má tá, tar ag obair linn! Spriocdháta 4pm Aoine 4 Meán Fómhair tg4.ie/foluntais
Lorna
@mouke.bsky.social
Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.
Labhair mé le hÉanna ar Moch ar Maidin (Raidió Fáilte) inniu, faoi stádas oifigiúil an Bhéarla sa Nua-Shéalainn. Is reachtaíocht chonspóideach í. Ní raibh mo chuid Gaeilge foirfe ach ní raibh sí ró-olc ⁊ bhí mé sásta toisc gur ábhar casta atá ann.
Tá sé i gceist againn athchóiriú a dhéanamh ar shuíomh Ainm.ie i mbliana agus ba mhaith linn moltaí chun feabhais: ainm@dcu.ie.
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies.
ainm.ie
Bhí orm tuiseal ginideach a oibriú amach mé féin inniu. 😱 #saolganteanglann
Bhí an peann Thuairisc i bhfad ó bhaile sa chruinniú comhairle Palmerston North inné @maitiuocoimin.bsky.social
This month marks the centenary of the Gaeltacht Commission report in 1926. See my article in @thejournal.ie today about the anniversary and my forthcoming book on the topic. Alt liom inniu faoi 100 bliain den Choimisiún na Gaeltachta 1926. www.thejournal.ie/readme/irish...
The Irish language: 100 years after the first Gaeltacht Commission, our support still matters
As the centenary of the first Gaeltacht Commission looms, we must do more to ensure Irish remains a living language in the communities where it’s strongest.
thejournal.ie
www.rnz.co.nz/news/politic... Áiféiseach amach is amach.
English to become official language of NZ alongside Te Reo Māori and sign language
English will join Te Reo Māori and sign language as an official language of New Zealand, after the English Language Bill passed its third and final reading at Parliament.
rnz.co.nz
Má tá an Fhraincis agat tá moladh den scoth agam duit: Fenêtres Sur Rue, mionsraith ar Insta le FranceTVslash. Mort de rire!
Táimid ag lorg Múinteora Gaeilge le taithí chun cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta a sholáthar ag tosú i Meán Fómhair 2026. Ionad: Newtownmountkennedy Primary School Spriocghrúpa: Foghlaimeoirí fásta Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciorcalcomhrantmk@gmail.com.
Faoi dheireadh thiar thall tháinig na málaí abhaile (bhí turas dhá lá sa bhreis acu!) ⁊ bhí mé in ann mo shásamh a bhaint as an gcarnán leabhar a cheannaigh mé in Éirinn.
Chaith muid lá iontach ar Inis Meáin, ag tabhairt cuairte ar chairde ⁊ ag rothaíocht timpeall an oileáin. D'éirigh linn bualadh le @maitiuocoimin.bsky.social ⁊ muid ar ais ar an mórthír freisin!
@maitiuocoimin.bsky.social chonaic muid thú ar do rothar ag dul abhaile anocht! Chroith mé mo lámh ort agus muid ag dul thart. 👋
Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Leabhar a chuir mo sheanathair in eagar i siopa sa Chlochán inniu!
Ag baint taitneamh as gach rud anseo, go háirithe an seanchas agus an comhluadar deas.
D'éirigh liom i scrúduithe na chéad bhliana (MA Léann Teanga) 🎉 Tá muid ag dul amach anocht chun ceiliúradh a dhéanamh!
Ar ais sa Ghleann 💚 Ag déanamh cúrsa faoi bhéaloideas Thír Chonaill le hOideas Gael.
Dea-scéala! Fuair mé na torthaí inniu ⁊ bhain mé Teastas I Múineadh na Gaeilge amach (2.1) 🎉
Kermit the Frog Dancing on Stage
ALT: Kermit the Frog Dancing on Stage
static.klipy.com
Tá an tseachtain beagnach thart, agus bhí am iontach againn i dToraigh. Is mór agam an deis Gaeilge a labhairt gach lá.
Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!
Inniu Féile Cholm Cille. Beidh díolúine agus dispeansáid le fáil ag duine ar bith a sháraíonn cóipcheart.
Nuair a bhíonn daoine ag múineadh rudaí míchearta faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta, cuireann sé frustrachas orm, caithfidh mé a rá.
Is breá liom Cogar! Spás go hiomlán Gaelach, bríomhar AGUS tá cnaipe eagarthóireachta ann! Cá bhfuil sibh, a @diarmaidcoffey.bsky.social, a @maitiuocoimin.bsky.social @darachoscolai.bsky.social srl.