Seachtain na Gaeilge

@snagaeilge.bsky.social

An fhéile Ghaeilge is mó & cuirimid an Ghaeilge chun cinn le linn na bliana. #SnaG26

Tar éis 9 mbliana iontacha le chéile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Energia as a dtacaíocht mar theideal-urraitheoir na féile Táimid anois sa tóir ar urraitheoir nua, agus le hathbheochan faoi lán seoil, ba bhreá linn cloisteáil uaibh! Seachtain na Gaeilge - bígí linn!

Bild

Comórtas! 🏆 Físeán nó grianghraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” á rá (i bhfíseán) nó á scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @SnaGaeilge, @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid 🌍️🌊

Bild

D'imeacht deireanach na seachtaine beidh ceol binn le cloisteáil ó Shiobhán Ní Chróinín, teagascóir ICUF i gCeanada, lena ceardlann amhránaíochta ar an sean nós mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️ Foghlaim na liricí d'amhrán sean-nóis léi agus bí ag canadh os ard! Dé hAoine ag 23:00 ar Zoom! 💙

Bild

Bígí linn ar lá deireanach de #TrasnaNadTonnta 2025 le cluiche beomhar, idirnáisiúnta Biongó Lócó! 🌊🌍️ Bígí ag imirt sa bhaile agus beidh duaiseanna ar luach €300 ar fáil le buachan ar an lá! 🏆️ Cláraigí anois agus cuirigí críoch cheart leis an bhfeachtas - Dé hAoine ag 13:00 ar Zoom!

Bild

An bhfuil tú nua i saol na Gaeilge nó as cleachtadh agus ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú? ☘️ Bígí linn do rang speisialta leis an réalta, Mollie Guidera mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍 Oireann an rang seo is fearr do thosaitheoirí na teanga ach tá sé oscailte do chách ✨

Bild