Caoimhín Ó Liatháin

@coliathain.bsky.social

Bleá Cliathach i nDeisceart na Fionlainne

Cé hiad na cainteoirí dúchais Gaeilge nó na cainteoirí cumasacha Gaeilge is fearr a chruthaíonn físeáin ghearra úsáideacha d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge, dar libh? (mar shampla, ar Facebook, Instagram, TikTok srl.)

Bhuel, a chairde. Ní féidir liom neamhaird a thabhairt air a thuilleadh – tá 'lobhadh inchinne' ag teacht orm ó bheith ag caitheamh an iomarca ama ar na meáin shóisialta. Sílim go bhfuil sé thar am agam sos a ghlacadh ar feadh tamaill agus cruth a chur orm féin.

"Thosnaigh sí ag smúracht na talún agus fuirse siúil fúithi, á treascairt sna tomacha féir." Céard is brí le "á treascairt sna tomacha féir" sa chomhthéacs seo? Bó atá i gceist. ('Bás na Bó' le Liam Ó Flaithearta)

Feictear dom go bhfuil gnéithe áirithe de Ghaeilge na Mumhan le brath anseo agus ansiúd sa chnuasach gearrscéalta 'Dúil' le Liam Ó Flaithearta: thosnaigh, do shil, do bholaigh, feiscint ... Cén fáth sin? Ba as Árainn dó. Tionchar eagarthóirí Sáirséal agus Dill? Tionchar an Athar Peadar?