@coiningorm.bsky.social

Poncán aineolach mé; tá spéis agam i scannáin agus déanaim iarracht póstáil as Gaeilge. Fáilte roimh cheartúcháin (a fhad agus a bhfuil siad ceart).

Sé an rud is mó ar thug mé suntas dó faoin gceamara analógach go dtí seo ná cé chomh mall is a fhaigheann tú aiseolas faoi na grianghraif a ghlac tú. Tógann sé neart ama rolla a chríochnú agus ina dhiaidh sin thart ar coicís chun na dearbhchlónna a fháil. An bhfuil sin strusmhar nó suaimhneach?

Thug mé faoi deara ar maidin seo gurb é ceol ailtéarnach na nóchaidí a bhíonns á chasadh in ollmhargaí anois. An gciallaíonn sé seo go bhfuil mé ag dul in aois?

Táim tar éis ceamara scimil (35 mm) a cheannach agus is spéis liom é a úsáid agus níos mó a fhoghlaim faoi ghrianghrafadóireacht. An bhfuil moltaí (leabhair, ceamaraí, scimeal, nósanna) ag éinne? An ann do lámhleabhar grianghrafadóireachta as Gaeilge? GRMA.

Is trua liom go bhfuiltear ag tabhairt droim láimhe don Trumpach mar gheall ar an ngeilleagar agus ní mar gheall ar shárú cearta daona, ach ar a laghad tá níos mó daoine ag tiontú ina aghaidh. Ag súil go méadófar ar a méid.

Díreach tar éis foghlaim gurb é an Ghaeilge ar 'debit card' ná cárta dochair, agus tá fuar orm gan smaoineamh gur saghas breithiúnais orm atá i gceist

Ag breathnú ar chur síos poist dom, agus é bainteach le AI agus samhlacha teanga mhór, rith sé liom nach mbeadh sé ní b'éasca, in áit córas ríomhaireachta a thraenáil chun drochaithris a dhéanamh ar an duine daonna, scríbhneoir nó beirt a fhostú?

Dornán de leabhair Ghaeilge ó thús na mílaoise i leith a thaitin thar an gnáth liom: An tAthair Páidraig Ó Duinnín - Bleachtaire, Bealach na Spáinneach, Bádh B’fhéidir, agus El le Thaddeus Ó Buachalla.

Thosaigh mé an lá seo mar ba cheart: le téacs a léamh ó mo chara ag cur i gcuimhne dom nach ó na hÉireannaigh, ach ó na Giúdaigh, a thagann an mhairteoil shaillte. Deas an rud é go raibh sé ag cuimhniú fúm.

Chonacas Man in the Dark (1953) le déanaí mar chuid de m'iarracht scannáin a rinneadh i 3D a fheiceáil. 'B noir' den scoth é. Gach rud a theastódh uait ann: drongadoirí, femme fatale, dramheolaíocht--baintear an chóiriúlacht ó dhuine trí obráid! Agus tagann an buaicphointe le troid ar rollchóstóir.

Ní cheisteoinn inscne duine eile mar a chuirfidís féin in iúl dom í, sa chaoi chéanna is nach gceisteoinn fuaimniú ainm duine eile mar a chuirfidís féin in iúl dom é. Is iad féin an saineolaí sa réimse sin, nach iad?

Léigh mé 'Teicheadh a's Tárrtháil' (Беглец) Chekhov agus, domsa, léiríonn sé an chaoi a thagann mórchúis idir na boicht agus lucht a gcabhraithe (mar dhea). Ní mhíníonn an dochtúir sa scéal rud ar bith go soiléir don mháthair ná don pháiste, agus tá faitíos orthu beirt roimhe.

Frása a thaitin liom ó scéalta Chekhov, aistrithe ag Maighréad Nic Mhaicín: “Ba léir nach raibh an saol ar a mhian aige.”

Seans go bhfuil na meáin shóisialta trí chéile ag fáil bháis. Is dóigh liom go raibh athrú suntasach ann nuair a forbraíodh an ceamara tosaigh ar na fóin - d'athraigh muid ó 'féach ar an rud seo a d'aimsigh mé' go 'féach ormsa'.

Faigheann Musk i bhfad Éireann an iomarca aitheantais, dar liom, as ucht a chomhlacht a bheith bainteach leis an spás. Teicneolaíocht 60-70 bliain d'aois is ea roicéid agus saitalít. Samhail dá mbeadh sé ag déanamh micreathonnán (teic atá thart ar a gcomhaois) a bheadh chomh lochtach céanna.

Antain Mac Lochlainn@antainmac.bsky.social · 2y ago

Spásaire arbh ainm dó Múisc, A bhí dílis don Trumpach ’s don Rúis Ach cad é mar thubaiste A mhisean go Marsa Sórt sputnik gan splanc is gan spút. www.rte.ie/news/world/2...

Tá cruinniú Zelensky le Trump á chlúdach amhail is gur náiríodh Zelensky ag Trump nuair is léir do dhuine ar bith a bhfuil splanc céille ina cheann gur a mhalairt ar fad atá fíor

Tá Musk ag drannadh le leibhéal olcais atá incurtha le Haman as an scéal Purim, só seans gur chóir dúinn as seo amach a ainm a mhúchadh le torann agus brioscaí a bhácáil i gcruth a hata dhúir

Rud a chuala mé blianta ó shin nárbh fhéidir liom dearmad a dhéanamh faoi: ní bhronntar Oscar na heagarthóireachta don scannán leis an eagarthóireacht is fearr, ach don scannán leis an méid is mó eagarthóireachta.