Bhronn mé fáinne airgid ar naonúr foghlaimeoirí nua cúpla seachtain ó shin — cúrsa sé mhí a bhí ann. Bhí an-spraoi againn!
Ag múineadh na Gaeilge anocht. Mhol mac léinn amháin "traeinlann" mar théarma agus taitníonn sé liom
Ag spraoi le ChatGPT; siabhránú amach is amach (an nasc le eDIL san áireamh)
Níor thug mé faoi deara riamh gur ionann iarmhír an tsaorbhriathair -t(e)ar agus faí chéasta na Laidine -tur, ón bhfréamh chéanna PIE. 🫣 Mar shampla "Graecum est, non legitur" = "is Gréigis é, ní léitear (é)". Nó an bhfuil mé ar strae? @davidstifter.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social
Seachtain ar saoire in Oregon... Míolta móra agus cúpla curiarracht an domhain inné ag @preclassic.bsky.social!
Na foghlaimeoirí a bhí agam san earrach... bhronn mé fáinne airgid ar cheathrar sa ghrúpa seo. Déanfaidh bean amháin cúrsa Gaeltachta i mbliana freisin 👍
Nuacht eile ón meániarthar — tháinig tornádó anuas thart ar mhíle ónár n-árasán (an ciorcal dearg) an tseachtain seo caite. Theip ar an gcóras rabhaidh faraor, agus rinne sé scrios uafásach i dtuaisceart na cathrach
Seachtain amháin eile sa seimeastar — ag múineadh na Gaeilge sa choláiste pobail anseo. Grúpa an-deas an-díograiseach. Éireannach amháin, cúpla teangeolaí, agus fear eile a bhfuil 10 dteanga ar a thoil aige. Bronnadh na bhfáinní airgid an tseachtain seo chugainn!
Ceannaigh Na Draoithe anois! dalen.ie/collections/...
Is fiú éisteacht leis seo agus freastal ar Ghradaim Cheoil @nosmag amárach! open.spotify.com/episode/1Ih2... Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag an gceol Gaeilge ó tosaíodh ar na Gradaim a bhronnadh. Cuma pé rud a deirtear spreagann duaiseanna daoine le ceol a chumadh agus le feabhsú freisin!
Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge
Seachtain · Episode
open.spotify.com
Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís – @maitiuocoimin.bsky.social Ní hionann leas mórchomhlachta agus leas pobal teanga. Foinsí oscailte abú! tuairisc.ie/ta-google-as...
Tá Gmail as Gaeilge deich mbliana d’aois inniu – seans nach bhfeicimid a leithéid arís
Deir duine den mheitheal a d’aistrigh Gmail go Gaeilge gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfear aon togra mór aistriúcháin eile ar sheirbhísí dá leithéid
tuairisc.ie
Focail a tháinig chun cinn go láidir in 2024: bánú, fíordheis(e), bréagaisnéis, toghlimistéar, algarta(i)m, teangabhunaithe, drón, cinedhíothú, céadrogha, díolúine/díolúintí, comhghuaillíocht, tithíocht, airtléire
'Cé mhéid duine acadúil a theastaíonn le crann a chur?', mar a dúirt an grianghrafadóir féin linn. @fsg-dcu.bsky.social
Seoladh Corpas Náisiúnta na Gaeilge Dé hAoine seo caite i Leabharlann Uí Criagáin, DCU. Tá 100 milliún focal Gaeilge ann, bailithe ó fhoinsí scríofa agus labhartha araon, ina measc Ros na Rún, úrscéalta, na meáin shóisialta, agus go leor eile.
Alt liom ar Comhar na míosa. @kscanne.bsky.social @aonghusoha.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social @caoimhinsmo.bsky.social luaite ann.
Sa bhaile arís tar éis seachtain spreagúil i mBaile Átha Cliath. Seo daoibh an cluiche a cheap mé ar an eitleán: connectionsplus.io/game/70uzpD
‘Tá 100 milliún focal bailithe againn - ní beag an méid é sin’ – The Irish Times @corpas-ie.bsky.social faoi chaibidil i gcolún @eocaollai.bsky.social www.irishtimes.com/tuarascail/2...
‘Tá 100 milliún focal bailithe againn - ní beag an méid é sin’
Corpas Náisiúnta na Gaeilge: acmhainn cheannródaíoch seolta go hoifigiúil
irishtimes.com
Tá rudaí áirithe ann nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile ar líne. Tá alt Mháirtín Uí Chadhain forbartha go maith agus go leor alt ceangailte agam leis bunaithe ar a chuid saothar. A lán den eolas níl sé ar fáil ach ansin. Is cóir dúinn a leithéid a leathnú.
Rud beag, ach tháinig feabhas ar an aistriúchán Gaeilge ar Bluesky le déanaí. Bhí rud éigin ciotach ann roimhe seo: "X agus Y: mhol siad do phostáil". Buíochas do na forbróirí a chabhraigh linn an t-athrú seo a chur i bhfeidhm. CC @aonghusoha.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social
Léigh mé 15 alt randamach. 3 alt nach raibh mórán fiúntais leo, ach gan bhotún. 4 alt a raibh roinnt botún beaga teanga/easpa cúraim is focail ar lár iontu. Na cinn eile gan bhotúin/go maith, cé go raibh cuid acu simplí go leor. Na botúin glanta ó shin. Níor theastaigh saineolas mór lena dhéanamh.
📃 170,000 doiciméad 🗄️ 800 foinse 💡 2,150 údar 😱 100,000,000 focal Beidh muid ag seoladh @corpas-ie.bsky.social tráthnóna amárach, agus roinnfidh muid eolas anseo faoi freisin. Is féidir breathnú air anois ag corpas.ie ! #sceitimíní