An bhfuil aon leagan dúchasach Gaeilge ar an gcineál seo fungais? "Bracket fungus" atá air i mBéarla dar le @bitheolaidhe.bsky.social, ach níl ag téarma.ie ach "bracfhungas".
Tionscadal a bhí idir lámha agam le tamall anuas, mar gheall ar an ainm "Fiona":
How Old is the Name Fiona?
YouTube video by An Spideog
youtube.com
Rinne mé cúpla beart acmhainní do #Minecraft i nGaeilge: Bardchló: Leagan Gaelach de ghnáthchló Minecraft (Mojangles). Dinneencraft: Litriú réamhchaighdeánach na Gaeilge (le poncanna nó gan iad). Is féidir an péire acu a úsáid le chéile! modrinth.com/resourcepack... modrinth.com/resourcepack...
Tá profáil déanta anois agam ar an aistriúchán Gaeilge ar Minecraft! Gabhaim buíochas leo siúd a rinne an chuid is mór den obair aistriúcháin romhamsa. Tá súil agam go rachaidh an t-aistriúchán slachtmhar chun leas na teanga 😊
"Tuairiscítear gur ordaigh an bhean deoch deas te agus go bhfuair sí dó den dara grád. D'ordaigh an chúirt go dtabharfadh an bhialann €100,000 mar chúiteamh di inniu." "Cén focain 'deas te', nár scalladh an bhean bhocht?" Faillí eile déanta ag an gCoiste Téarmaíochta!
An bhfuil ailt Vicipéid na Gaeilge le fáil ar léarscáil? Ní oibríonn an leagan Gaeilge den léarscáil san aip @vicipeid.bsky.social
Cainteoirí Gaeilge sa 34ú Dáil. Tá an dáilcheantar Gaeltachta Corcaigh Thiar Theas fágtha gan duine ar bith le Gaeilge! #vóta2024
mise nuair a ghlacaim páirt in ardán nua tar éis neart braiteoireachta