Fiontar & Scoil na Gaeilge

@fsg-dcu.bsky.social

Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU). Scoil ildisciplíneach. Tá cúrsaí bunchéime agus iarchéime á dtairiscint againn. Lonnaithe ar Champas na Naomh Uile, DCU. URL: https://www.dcu.ie/fiontarscoilnagaeilge

Déanann foireann na Scoile comhghairdeas le Dara Cahill as Duais de Fréine 2025 a bhaint. Bhain Dara an gradam seo agus an marc is fearr aige i measc mhic léinn na chéad bhliana. Ba phribhléid é fáilte a chur roimh mhuintir de Fréine agus Cahill le gradam Dhara á chéiliúradh.

BildBildBildBild

Tar ag obair ar Canúint.ie le @dublincityuni.bsky.social! Taighdeoir Iardhochtúireachta (2 bhliain), maoinithe ag Taighde Éireann. Gá le dúspéis i gcanúintí na Gaeilge. Obair spreagúil geallta duit. Spriocdháta: 12 MF. Gach eolas: www.dcu.ie/people/jobs. @gaois.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social

Jobs - Open Vacancies at DCU | DCU People

Want to advance your career and work at Dublin City University? Find all of our job vacancies here, from teaching positions to administrative positions.

dcu.ie

Ar mhaith leat do scileanna teanga & criticiúla a fhorbairt? San MA seo beidh tú ag freastal ar mhodúil spreagúla a tharraingíonn ar ár dtaighde: an teangeolaíocht fheidhmeach, teoiricí inscne & liteartha, an traidisiún béil & na daonnachtaí digiteacha: padraig.oliathain@dcu.ie #Gaeilge

Bild

Chomhoibrigh an Dr Síle Denvir leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide i mbliana agus Dairena ag céiliúradh a foilseachán nua ‘Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua 2004-2024’. Scríobh Síle achoimre don leabhar agus rinne sí tionlacan ar léamh an leabhair sa Joyce Centre agus ag Oireachtas na Gaeilge.

Bild

Ainmníodh @oraghalb.bsky.social ar Bhord @dri.ie le déanaí, is é Brian an PI ar an dtionscadal @logainm.bsky.social & bhí ról lárnach aige sa tionscadal Hidden Heritages a seoladh inné! Blag: www.gaois.ie/en/blog/colm... Is Brian an bainisteoir teicniúil ar thionscadail @gaois.bsky.social freisin.

Lá Fhéile Colm Cille: explore the hidden folklore connections between Ireland and Scotland

Seoladh www.hiddenheritages.ai 9 Meitheamh 2025, Lá Fhéile Colm Cille

gaois.ie