An bhfeictear an comhartha STAD go minic? Ar chor ar bith? Tá an focal “stop” sa Ghaeilge le cúpla céad anuas.
Donncha ar Imeall an Domhain
@kingdonncha1.bsky.social
Alces monnes lif bið sumes monnes lar. Is ceacht do dhuine éigin saol gach duine. sa tuiseal gairmeach: a Dhonncha, a Dennis, do Mhórgacht
@basso-fionn.bsky.social An mbeifeá sásta tabhairt faoi seo? In éindí le cúpla glór eile? Nó cór iomlán. Rinne sí an-jab leis an aistriúchán. @aonghusoha.bsky.social www.youtube.com/watch?v=gyyC...
'Bella Ciao' in Irish - as Gaeilge
YouTube video by N NS
youtube.com
Falscaí / falscaoth? Cad as dó? Ní hansa. Is ón mbriathar Sean-Gh 𝒇𝒐-𝒍𝒐𝒊𝒔𝒄𝒊 dó.
- Níl an phortráid sin réadúil, ar ndóigh. - Conas sin? - Níl clúidín salach air.
Cén fáth a mbíonn deifir air i gcónaí? Ní hansa. Tá a fhios aige ina chroí fochallach istigh nach mbeidh sé beo i bhfad eile.
Tá alt ag fanacht liom san uimhir reatha de The New Yorker a leaindeáil sa bhosca anois díreach. Tá ainm Indiach ar an údar agus deirtear go bhfuil níos mó ná míle mionteanga san Ind. Hmm. Fan go bhfeice mé. @nuachainteoir.bsky.social
Vibe-fhealsúnacht an Lae: Ní as rudaí atá An Bheatha, An Chruinne agus An Uile déanta, ach fite fuaite as giotaí beaga bídeacha cumarsáide.
Má tá éinne anseo ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an dá aistriúchán, Gàidhlig agus Gaeilge:
Ar cuireadh Gaeilge ar an Odyssey riamh? Tá aistriúchán Gàidhlig ann a thosaíonn mar seo:
- An féidir le Giúdach an Gestapo a reáchtáil? - Is féidir. Faraor.
🎶 Tá cuid de mo mhuintir idir dhá ardán, cuid acu i mBluesky agus cuid i gCogar thall. 🎶 www.youtube.com/watch?v=SzAX... (Is breá liom an t-amhrán sin!)
A Mhuire 's a Rí
YouTube video by Pádraigín Ní Uallacháin - Topic
youtube.com
🤔 An bhfuil an beacán seo 🍄🟫 inite? 🤖Tá. 🤢🤮☠️ 🤖 Tá an ceart agat. Tá an beacán sin nimhiúil. Brón orm faoin mearbhall! Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi bheacáin nimhiúla 🍄🍄🍄?
Cara seasmhach de chuid an Trumpaigh a bhí ann.
Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh … Matha 6:19
Tá ceist agam maidir le sochraid Ali Khamenei a maraíodh 29 Feabhra. Cá raibh a chorp idir an dá linn? Nach bhfuil riail nó nós docht ag Muslamaigh gur chóir an corp a chur san úir chomh luath agus is féidir? @polrua.bsky.social
Níl bua gan dua. Ní smaoineamh nua é sin. Dúirt file sa chúigiú haois déag mar seo é: Fulang annróidh adbhar soidh. ~ Fulaingt anró ábhar só.
Dóchas darach. (Tá na clocha ann le cosc a chur ar thochailt na n-ioraí.) @maitiuocoimin.bsky.social
Thug sé faoi deara é ar deireadh thiar thall. Aww. 😥
Ceithre Ghorm nach bhfuil éasca a dhéanamh: 1. an gorm Éigipteach 2. an gorm Mayach 3. gorm ultramhuiríneach na bpéintéirí Eorpacha 4. gorm *nádúrtha* M&Ms
Tá mé i mbád atá ar snámh ar muir atá déanta as cuimhní nach bhfuil iomlán ná iomlán iontaofa.
Tá imní ar Iosrael. Tá an tacú a fuair siad gan smaoineamh ó lucht Mheiriceá le seachtó bliain anuas ag sleamhnú go tapa anois.
Is cosúil go bhfuil Cogar ag brath ar dhuine díograiseach amháin len é a choinneáil ag dul.
An bhfuil aon rud maith ag titim amach?
Dúirt Duck Duck Go go bhfuair Trump bás den chonfadh. IS abú?
Beidh an Iaráin ag imirt in aghaidh na hÉigipte anseo i Seattle inniu. Is buaicphointe Mhí an Bhróid an deireadh seachtaine seo anseo. An Pride Match a thugtar go hoifigiúil ar an gcluiche inniu, go híorónach. Tá an dá thír sin thar a bheith homafóbach, ar ndóigh.
Trí mholadh an eagarthóra: Fan go fóill. Codail air. Léigh arís é.
Nuair a bhaineann tú feidhm as uirlis nach bhfuil an t-ainm uirthi agat. Éinne?
Nach í Muire is mó a phéinteáil siad?