Lorna

@mouke.bsky.social

Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.

Táimid ag lorg Múinteora Gaeilge le taithí chun cúrsaí Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta a sholáthar ag tosú i Meán Fómhair 2026. Ionad: Newtownmountkennedy Primary School Spriocghrúpa: Foghlaimeoirí fásta Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ciorcalcomhrantmk@gmail.com.

Bild

Faoi dheireadh thiar thall tháinig na málaí abhaile (bhí turas dhá lá sa bhreis acu!) ⁊ bhí mé in ann mo shásamh a bhaint as an gcarnán leabhar a cheannaigh mé in Éirinn.

Carnán leabhar Gaeilge

Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!

Cailín ina suí ⁊ a cuid gruaige á bearradh.

Nuair a bhíonn daoine ag múineadh rudaí míchearta faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta, cuireann sé frustrachas orm, caithfidh mé a rá.

Dúirt an grúpa páistí agus tuismitheoirí liom gur mhaith leo foghlaim conas litir a scríobh i nGaeilge. De ghnáth seachnaím aon scríobh leo, ach rinne muid é inniu agus bhí siad thar a bheith sásta lena litreacha. Léigh siad amach iad agus thug siad bualadh bos do chach.

Seachtain thar a bheith gnóthach romhainn! Ciorcal Comhrá - 3 chinn gach seachtain! Pop Up Gaeltacht Bhaile an Chinnéidigh Seans maith chun bualadh le cainteoirí Gaeilge eile inár gceantar. Is cuma cén Gaeilge atá agat beidh fáilte chroíúil romhat chuig ár n-ócáid!

BildBild

D'iarr mo ghariníon orm císte 'Hello Kitty' a dhéanamh dá breithlá. Caitheamh aimsire cuí do sheanmháithreacha is é maisiú císte, is dóigh 😅

Císte le maisiu 'Hello Kitty'Cailín le gruaig dhubha fhada ina suí.