Hanna Ní Lochnáin

@nilochnain.bsky.social

Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath. Táim anso don nGaelainn.

An láthair oibre inniu. Foirgneamh tréigthe agus tá nead fáinleoige istigh ann. Bhí an tuismitheoir seo ag feitheamh ar an scafall fad is a bhíomar istigh. Ní bheidh aon obair ag tosnú roimis an fómhar!

Fáinleog ina sheasamh ar scafall.

A chairde na leabhar, níl Lig Sin i gcathú léite agam go fóill (tá sé in áirithint agam sa Leabharlann le níos mó ná ceithre mhí anuas 🤨).Ar chóir dom fanacht go dtí go bhfuil an leabhar léite agam sula thugaim fén eagrán reatha do Chomhar? An bhfuil "spoilers" ann??

Thugas sciuird ar an gCogarlann (mar a chuir duine ann air) aréir. B'fhéidir ós rud é go bhfuil na Gaeil dulta isteach ann go tiubh te tapaigh, nó mar gheall ar an aimsir bhreá, ach táid ar nós buíon déagóirí sceitimíneach ag Féile ann.

Tá a fhios agat go bhfuil tú (sách) Gaelaithe nuair a mbíonn ort an leagan Gaelainne d'fhocal a fheiscint chun an leagan Béarla a thuiscint i gceart! Benedict = Beannacht - ar ndóigh!! Comhartha deas DAS - an seana-cheann é n'fheadar?

Grianghraf de chomhartha sráide:
Garrdhaí Shan Beannacht
Saint Benedict's Gardens

Níor thugas fé ndeara go dtí le déanaí go bhfuil an liosta a chuir Comhar i dtoll a chéile dosna 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas curtha ar a suíomh ag Leabharlann Átha Cliath: www.dublincity.ie/library/blog... Táim ag déanamh mo bhealach (go mall) tríothu.

Comhar: Na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas.

Roghnaigh Comhar, an iris mhíosiúil, an 25 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh le 25 bliana anuas le déanaí.

dublincity.ie