Nuacht TG4

@nuachttg4.bsky.social

Nuacht Ghaeilge. Náisiúnta agus Idirnáisiúnta. Gach lá, ar líne agus beo ag 7pm.

Níl aon ghlacadh ag Cumann Dlí Chiarraí le moltaí an Aire Dlí is Cirt le réiteach a fháil ar an aighneas faoi tháillí dlí. Tá cásannaí cúirte sa gContae curtha siar go dtí mí na Nollag mar gheall ar an agóid.

Gealltanas coinníollach tugtha ag an Taoiseach Micheál Martin fiosrúchán poiblí a cheadú faoi phléascán an Chraoslaigh mura bhfreagróidh fiosrúcháin eile ceisteanna na ngaolta go sásúil.

Díomá ar Uachtarán Mheiriceá Donald Trump le NATO faoina laghad tacaíochta a fuair sé sa gcogadh in aghaidh na hIaráine. Dúirt sé an méid sin i gcathair Ankara sa Tuirc áit a bhfuil cruinnniú mullaigh NATO ar bun.

An tAire Stáit sa Roinn Iompair Seán Canney ag iarraidh go gcaithfeadh daoine scútair leictreacha a chlárú, i bhfianaise an líon páistí atá in aonaid dian-chúraim le droch-ghortaithe. Idir an dá linn ní bheidh an comhlacht DID Electrical ag díol scútair leictreacha feasta

É ina raic gur iarr Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar FIFA an cárta dearg a tugadh do imreoir Mheiriceá Folarin Balogun a chur ar ceal. Beidh cead ag Balogun imirt do Mheiriceá anocht in aghaidh na Beilge.

Comhdháil NATO ag tosnú in Ankara amárach. An tIar Cheannfort Airm Frank Reidy i mbun anailíse ar iarratas Volodymyr Zelenksky ar a chomhghuaillithe aerchosaint a chur ar fáil don tír i bhfianaise ionsaithe na Rúise aréir

Deir an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary go bhfuil ualach oibre le déanamh le dhul i ngleic leis an mbearna fostaíochta atá in Éirinn do dhaoine faoi mhíchumas. Pléadh seo ag cruinniú neamhfhoirmeálta d'Airí Fostaíochta agus Gnoithí Sóisialta an Aontais i mBéal an Átha inniu.

Taispeántas faoi stair institiúidí Thuama agus na hÉireann oscailte i Músaem Cathrach na Gaillimhe inniu – an chéad taispeántas músaeim atá dírithe go hiomlán ar árais Máithreacha agus Leanaí

An intleacht shaorga, na meáin shóisialta, an costas maireachtála – daoine óga ag cíoradh cheisteanna móra an tsaoil i gCorcaigh mar chuid de Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach

Súil ag Thomas O'Tooel dornálaí gairmiúl as Leitir Mealláin, Conamara, atá ag cónaí i mBostún, céim mhór chun cinn a thógáil an deireadh seachtaine seo, nuair a throidfeas sé do chraobh WBA Trom-Mheánmheáchan Mheiriceá Thuaidh.