Goideadh uainn ár logainmneacha, níor tháinig deireadh leis an gcoilíneachas riamh. Le hAthGhaelú, déanaimid athshealbhú orthu. Iarrann AthGhaelú ar dhaoine, pobail & eagraíochtaí logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad cinn Bhéarla. Sínigh an Gealltanas Logainmneacha anois ag cnag.ie/athghaelu ✊
Ticéid fós ar fáil le haghaidh Ceolchoirm don Phalaistín - Dé Domhnach, 5ú Aibreáin sa Greyhound Bar, Trá Lí. Fáilte roimh chách! ❤️🖤🤍💚 🍉 #palestine #saoirsedonphalaistín #ceol #livemusic #concert #trálí #trálílegaeilge #ceoilgaelach #irishmusic #imeachtaígaeilge #🍉
An cheist cé a bheidh ar na coistí sin. Anois cheana féin tá ganntanas daoine le saineolas agus taithí sa phleanáil teanga agus tá ganntanas deiseanna na saineolaithe a chruthú agus a chothú.
Coiste Pleanála Straitéise Gaeilge á mholadh do gach comhairle contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina cúram
Ana mhórálach as Luke (agus Eimear & Sadhbh leis a labhair) a dhein cur síos cuimsitheach ar na deacrachtaí atá roimis ghlúin óg na Gaeltachta ag an gComhchoiste Gaelainne inné, tithíocht & teanga fite fuaite lena chéile. Fear iontach atá ar thaithí oibre linn fé láthair!
‘Ní bheidh pobal ná teanga fágtha ar Árainn mar gheall ar chúrsaí pleanála’ – a chás déanta ag Árannach óg i dTeach Laighean
Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é
Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é
Chinn an tAire Tithíochta James Browne gan cluasáin ateangaireachta a chaitheamh sa Dáil aréir le linn díospóireachta a raibh a formhór i nGaeilge
tuairisc.ie
Ceist fhánach anso uaim ach deirim ana mhinic as Béarla “conas atá agat an aimsir seo?” / “how are you this weather?” ⁊ is beag Béarlóir gan Ghaelainn a thuigeann nach bhfuilim ag caint ar chúrsaí aimsire ach ar chúrsaí ama. ‘mBíonn a leithéid d’fhadhb ag daoine eile? ‘Bhfuil hotline ann dó seo?
An clabhsúr is ceolmhaire agus is cuileachtúla le cruinnithe lae oibre ar an Aoine, agus Clíona Ní Ghallachóir le Comhairle Contae Dhún na nGall dár dtabhairt an bóthar abhaile lena leagan den gCruiscín Lán in Halla na Cathrach sa Ghaillimh.
‘Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh, cá bhfuil ár dtriall?’ - frustrachas faoi ‘rúndacht’ maidir le cúrsaí pleanála teanga
‘Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh, cá bhfuil ár dtriall?’ – frustrachas faoi ‘rúndacht’ maidir le cúrsaí pleanála teanga
Deir Aire na Gaeltachta go dtuigeann sé an frustrachas atá ann faoin moill ar athbhreithniú ar an bpleanáil teanga a bhí le foilsiú in 2024 ach ní raibh sé in ann a rá cén uair a fheicfear é
tuairisc.ie
Caithfidh an Rialtas gníomhú ar a thromhchúisí is atá na firicí loma seo. Alt éachtach ó Róisín ⁊ ón Ditch thíos. Ní thuigeann na hAirí suntas na tuairisce seo ⁊ a bPlean Tithíochta foilsithe acu ⁊ foilsiú treoirlínte pleanála tithíochta Gaeltachta curtha siar acu aríst is aríst eile ó 2021.
An 88 percent increase in the number of whole homes to rent in Gaeltacht areas on Airbnb – in just six years 'The history of the Gaeltachts as places of radical and forward thinking gets forgotten now when they've become a holiday destination,' say @CnaG www.ontheditch.com/airbnb-expan...
Óráid cumhachtach a thug ardú croí dom ag an Uachtarán nuathofa Catherine Connolly, agus sin i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre ar dtúis aici. Ana bhaoch aisti, ag am ina bhfuil bagairtí daonlathacha agus míshocracht pholaitiúil i réim in ana chuid tíortha eile. #Áras25
Ag súil leis na mílte duine ag agóidíocht ar sráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 20/09 — scaip an scéal agus beir cara nó beirt leat!
Ar bís dul an Picnic Leictreach i mbliana agus bheith ar phainéal phodchraolta leis na móruaisle seo fé stiúir an laoich í féin Emma Ní Chearúil. Buailíg isteach daoibhse a bheidh timpeall! @electricpicnic.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social @raidionalife.bsky.social
Neart oibre déanta againn chun an folúntas seo a bhaint amach. An-ghá le hOibrí Óige in Uíbh Ráthach! Scaipigí an scéal le bhur dtoil! www.foroige.ie/vacancy/oifi...
Oifigeach Óige do Cheantair Ghaeltachta_ Youth Officer for Gaeltacht Areas - Foróige
Is tionscadal úrnua agus nuálach é seo a thabharfaidh deis do dhaoine óga sóisialú agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge. Is tionscadal píolótach trí bliana é an t...
foroige.ie
Tá léite ag suíomh Mherriam-Webster orm, agus ar m'fhonn uaignis, is léir.
€3.70 anois i gcomhair cupa tae ar traein Iarnród Éireann. Sin é an giolc. #ÉiríAmachAgTeastáilt
Deis scoláireachta chun tabhairt fé PhD le hOllscoil Chaerdydd @cardiffuni.bsky.social @ysgolygymraegpc.bsky.social — mholfainn go hard bheith ag déanamh taighde leo, go háirithe dóibh le spéis sa phleanáil nó beartais teanga. Sásta aon cheist a fhreagairt nó téir ag caint le Diarmait!
Ana bhaoch as an dtacaíocht go léir agus ag súil le tacú le cúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta i mo ról mar Thánaiste @cnagaeilge.bsky.social ✊🏾🙌🏼
Ba é uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a mhol fear Thrá Lí (@prendizzle.bsky.social) don ról mar Thánaiste agus vótáil baill eile an Choiste Gnó ar a shon ag cruinniú le déanaí. tuairisc.ie/ciarraioch-t...
Ar bís tabhairt fé’n Snámh ar son na Palaistíne an mhí seo chugainn—snámh timpeall na hÉireann chun airgead a bhailiú d’Ionad Lajee sa Phalaistín le @cnagaeilge.bsky.social 🇵🇸🏊 Baoch as aon tacaíocht in aon chor! Seo a scaipeadh nó cúpla pingin a chaitheamh ‘mo threo www.idonate.ie/fundraiser/J...
Imeachtaí Seachtain na Gaeilge i dTrá Lí! Bígí linn! #seachtainnagaeilge #seachtainnagaeilge2025 #snag2025 #tralee #trálí #trálílegaeilge #gaeilge #learnirish
“I can’t rule on what I didn’t hear,” the Ceann Comhairle said. Ní féidir an teanga a chlos nuair nach féidir í a thuiscint, is cosúil. 🫥 Obair le déanamh láithreach ar cheart-úsáid na Gaelainne sa Dáil, le tacú léi. Is léir go bhfuil lúb ar lár sa chóras. www.thejournal.ie/irish-langua...
'He called me a liar': Verona Murphy's lack of Irish called into question in heated Dáil exchange
“Tá an Teachta Dála ag insint bréaga arís,” the Taoiseach said.
thejournal.ie
Níl sé d’acmhainn ag éinne tigh a cheannach na laethanta seo ⁊ an am céanna níl Winning Street ar siúl ó 2020 ar an dteilifís. San aiste seo…
D’fhoilsigh @tandfresearch.bsky.social léirmheas leabhair a scríos ar shaothar Bhen Uí Cheallaigh “Neoliberalism & Language Shift” le déanaí, a bheidh ar fáil san iris Multilingual Matters go luath @multi-ling-mat.bsky.social nó ar líne anseo: www.tandfonline.com/doi/full/10.... Leagan GA le teacht!
Neoliberalism and language shift: lessons from the Republic of Ireland post-2008
Published in Journal of Multilingual and Multicultural Development (Ahead of Print, 2024)
tandfonline.com
Deas a bheith ar ardán spéiriúil giolcaireachta nua! #MoChéadSpéirlingín