Barzaz

@barzazie.bsky.social

An branda nua foilsitheoireachta ó @futafata: ficsean, neamhfhicsean & filíocht do dhaoine fásta. Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon & Foras na Gaeilge. https://linktr.ee/barzaz

A chairde, tá deá-scéala againn! Tá an leagan Gearmáinise den leabhar Madame Lazare, scríofa ag Tadhg Mac Dhonnagáin, aistrithe ón Ghaeilge ag Elvira Velsinovic agus foilsithe ag Kröner Verlag, tar éis ainmiúchán a bhaint amach ar fhadliosta an ghradaim Hotlist 2026,

Bild

Roinnt seachtainí ó shin bheartaigh mé Madame Lazare a cheannach. Nuair a tháinig an leagan Gearmáinise amach ar dtús tharraing sé m'aird gurb é an Kröner Verlag a d'fhoilsigh é. Mar sin chuaigh mé go díreach go dtí an fhoinse.

Bild

Tá Barzaz ag iarraidh cur lenár bpainéal aistritheoirí liteartha! Má tá tú ag iarraidh a bheith san áireamh, cuir scéala chugainn ag eolas@barzaz.ie Cuirfear chugat sliocht samplach d’úrscéal Fraincise le haistriú, chomh maith le treoirlínte stíle agus eolas ar ár gcuid táillí aistriúcháin.

Comhghairdeas ó chroí le Laoighseach Ní Choistealbha eagarthóir agus foilsitheoir ‘An Dearcán’, iris nua liteartha a seoladh aréir i mBaile Átha Cliath.

BildBildBild

Ní fada anois go mbeidh an chéad eagrán den iris filíochta nua An Dearcán réidh le dul. Filíocht nua ó na filí bunaithe is na filí óga! Seo cóip tastála a fuair mé chun an cló a thriail amach. Ag súil leis an tsnas dheireanach a chur anois ar an rud! 🌳

BildBild

Tá dea-scéala ag David Foenkinos, údar An Saol Sona, nó La Vie Heureuse, an t-úrscéal is deireanaí atá foilsithe ag Barzaz, é aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge ag Máirín Ní Mhárta.

BildBild

Tá foireann Barzaz ar ais sa stiúideo agus muid ag obair go crua ar la an leagan closleabhair den úrsceal ‘Tír Bheag’, scríofa ag Gaël Faye agus aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn.

BildBildBildBild