Anois, agus muid ag druidim leis na clódóirí, seo chugaibh an liosta deireanach de na scríbhneoirí bréatha a bheas in eagrán a dó de An Dearcán. Bhí muid thar a bheith sásta fáilte a chur roimh Mhicheál Ó Conghaile don phíosa 'I mBeagán Focal'. Ag súil go mór leis an rud a chur chun bealaí anois!
Laoighseach Ní Choistealbha
@laoighseach.bsky.social
Lagánach, Conallach, Ultach. Ar strae i gConamara (agus i mBaile Átha Cliath in 2026). Filíocht, taighde, ealaín agus eile.
✨Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2026!✨ Comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta & na scríbhneoirí ar fad a bhain gearrliosta na bliana amach!🎉 Tuilleadh Eolais: www.antoireachtas.ie #Oireachtas2026 #LoveLeabharGaeilge
Comórtas beag! ❤️ Ar mhaith leat mála, greamán, leabharmharc, agus cóip de An Dearcán 2 a bhuachaint duit féin? Ba mhaith! 🤠 Céard atá le déanamh? 1. Lean muid 🙏 2. Tabhair <3 don phosta seo 3. Fág trácht (i nGaeilge) thíos faoi seo 💬
Tá bród orainn go mbeidh caibidil as úrscéal le Sam Ó Fearraigh san áireamh in An Dearcán 2! ❤️ File agus scríbhneoir ó Ghort a' Choirce é Sam Ó Fearraigh. Tá filíocht leis foilsithe in Comhar, An Gairdín, Poblachd nam Bàrd, Ropes, agus áiteanna eile nach iad...
Neart ábhair eile san eagrán seo, le altanna faoin nGaeltacht ó @laoighseach.bsky.social, Dónall Ó Braonáin, Dara Ó Conaola, Máire Mhic Eoin, Mártan ó Ciardha, agus Tadhg Mac Dhonnagáin ina measc.
Nochtadh clúdaigh! Tháinig na réamhchóipeanna inniu. Tá an dobharchú leaindeáilte... Agus liosta de na scríbhneoirí ina ghlac aige. 💙
Beidh na málaí seo le fáil go luath. Beidh comórtas beag againn chun an dara heagrán a chéiliúradh agus beidh ceann de na mála seo mar dhuais ann! Scaipfear na sonraí ar ball...
In eagrán a dó de An Dearcán, beidh gearrscéal nua againn ó @gearoidinc.bsky.social 'Na hÁraistí Maithe'. 👯 Tá Gearóidín Nic Cárthaigh ag cur fúithi in Iarthar Chorcaí. Scríobhann sí splancscéalta, gearrscéalta agus dánta. Tá saothar dá cuid foilsithe in irisí éagsúla....
In eagrán a dó de An Dearcán, beidh gearrscéal nua againn le Caitríona Ní Eireamhóin, 'Na Dallóga.'
In eagrán a dó de An Dearcán, beidh gearrscéal nua againn le @niallosiadhail.bsky.social, 'An Lúb'. As oirthear Thír Eoghain ó dhúchas é Niall Ó Siadhail, agus tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid in irisí ar nós Comhar, Aneas agus Howl.
www.rte.ie/gaeilge/2026... Liosta léitheoireachta RTÉ /gaeilge Mainistir na Feola @laoighseach.bsky.social molta
Liosta léitheoireachta an tSamhraidh
An féidir linn samhradh a thabhairt air mura bhfuil mórán gréine feicthe againn?
rte.ie
Fadhbanna teicniúla. Is dona linn an briseadh seo!
Gabriel Rosenstock was a great man for writing letters to the Irish Times on all manner of subjects. Always sharp, always witty. A good few of them at this link, check them out.
The late Gabriel Rosenstock wrote Letters to the Editor for 50 years. Here are just a few
The Irish language poet, haikuist, translator and author wrote dozens of Letters to the Editor from 1974-2025
irishtimes.com
Smaointe Fánacha Aonghusa: Péacadh an Dearcáin aonghus.blogspot.com/2026/04/peac... Iris nua in eagar ag @laoighseach.bsky.social
Péacadh an Dearcáin
Bhí mé i dTeach Purcell de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh An Dearcán, iris nua filíochta faoi eagar ag ...
aonghus.blogspot.com
Mórfhile ar lár. Comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde Gabriel, go speisialta Eithne, Tristan, Saffron, agus Héilean.
An Dearcán: Eagrán a Dó Fómhar 2026 Seolaigí dánta / gearrscéalta chuig andearcaniris@gmail.com idir an 8ú Aibreán agus an 8ú Bealtaine. Sonraí agus treoir > dara híomhá. Ag súil go mór le bhur línte deasa sionnachúla a léamh go luath... 🦊
Fógra mór amárach.. Bíodh cluas le héisteacht oraibh 🦊
Tráthnóna amárach ag 17:00 i Seomra 1.33, IONTAS. Seolfar cnuasach úr filíochta Dhubhán Uí Longáin ina dhiaidh. Fáilte roimh chách!
Bígí linn le haghaidh an tríú seimineár taighde de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge don seimeastar, 17:00 Déardaoin 26 Márta 2026 i Seomra 1.33 IONTAS. *Tadhg Ó Neachtain (1671-c.1752): scoláire uirbeach nua-aoiseach* Liam Mac Mathúna (COBÁC) Fáilte roimh chách!
Mapa de Chontae Dhún na nGall. Is cuid é seo de mhapa den tír go léir a d'fhoilsigh 'Stát-Oifig na Léarscáilidheachta' in 1938.
Is léitheoir iontach é Diarmuid. Fair plé do Leabhar Breac. Agus spreag Aodh Ó Coileáin muid chun léitheoireachta... Hup!
Slua breá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh aréir agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson á seoladh!
Leabhar nua le Diarmuid Johnson 'An Cláirseoir' atá foilsithe ag @leabharbreac.bsky.social á sheoladh an Déardaoin seo. 📚💖 📍Charlie Byrne's - Gaillimh ⏰ Déardaoin 19 Márta ag 6pm
www.rte.ie/radio/radio1... Dhá dhán nua ar an miscellany inniu. Meas don 424 beannaithe agus don fhéile
Sunday Miscellany Sunday 15 March 2026
New writing (a special programme recorded in Glór, Ennis, Co Clare, as part of the Ennis Book Club Festival last weekend): You Could Be Anywhere, by Anne Enright These Days, by Abi Daré Two poems ...
rte.ie