Cathal Seoighe

@cathal.bsky.social

Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.

Tá víosaí á ndiúltú ar chúinsí teicniúla do mhic léinn as Gaza a bhfuil scoláireachtaí faighte acu in Éirinn. Ábhar dóchais is ea an t-oideachas gur féidir an tsochaí a atógáil. Náireach go bhfuil bac á chur ar ollscoileanna sa tír seo a gcuid a dhéanamh. Achainí anseo: my.uplift.ie/petitions/vi...

Visa for Gaza students

I'm calling on Jim O'Callaghan to approve visas for students from Gaza who have been granted scholarships to Irish universities. Will you add your name to the petition now?

my.uplift.ie

Nuacht mhór i réimse na matamaitice: arú inné d'fhógair OpenAI go raibh a samhail mhór réasúnaithe théis fadhb chlúiteach a réiteach go neamhspleách. Baineann sé le leagan amach phointí ar an bplána. Is léiriú é an t-íomhá álainn seo (ó mathandcobb ar X) ar chineál áirithe 'réiteach' ar an bhfadhb.

Léiriú ar an mbréagnú a rinne samhail mhór ón gcomhlacht OpenAI ar an Unit Distance Conjecture de chuid an mhatamaiticeora iomráitigh Paul Erdős.

Ar mo bhealach go Gaoth Dobhair den chéad uair, leis an mBruach Thoir maidin amárach. Murdar san Amharclann ar siúl sa tráthnóna - leagan den léiriú idirghníomhach a chuir An Bruach Thoir ar siúl in Áras na nGael (Gaillimh) cupla mí ó shin. Ag súil go mór leis. Aon mholtaí? Aon spéiríní sa gceantar?

Tá trí bliana ag an mBreatain le leasú ollmhór a chur i gcrích ar an gcóras toghchánaíochta má tá torthaí tubaisteacha le seachaint, shílfeá. An bhfuil mórán cainte air sin inniu? (ní raibh mé ag leanúint na nuachta mórán). Vóta inaistrithe agus comhrialtais feasta an seans is fearr IMT.

Ag ceiliúradh 20 bliain pósta. Shiúlamar isteach Tigh Neachtain agus bhí 'clúid Nóra' ar fáil, ainneoin go raibh an baile mór plódaithe san aimsir dheas. Dea-thuar, glacaim leis.

Bild

Mana a d'fhoghlaim mé ar scoil (dúradh linn, más buan mo chuimhne, go raibh sé luaite leis na Fianna): Comhrac don duine láidir, cosaint don duine lag, croí mór, fairsinge agus féile D'fhan sé liom, ach cad as a dtagann sé? Ní fheicim aon áit ar líne é (seans nach bhfuil sé baileach ceart agam).

Tá srón mhór agamsa, tá mant i mo chupán (díreach san áit cheart), nach maith mar a oireann muid dá chéile? Agus is cupán don deasóg cosúil liomsa atá ann anois! Feictear dom gurb iad ár lochtanna a thugann daoine le chéile chomh maith scaití (namhaid fíorghrá foirfeacht).

Mise ag ól as mo chupán a bhfuil mant anois ann tar éis dó titim as mo lámha agus mé á ní. Mo chupán leis an mána "Muga gan mháchail, is do chuile dhuine é. Muga le mant don lámh dheas nó lámh chlé"

An bhfaca sibh rentahuman ponc ai go fóill? Suíomh a thugann deis do ghníomairí IS daoine a chur in áirithe do thascanna a bhfuil gníomh sa bhfíorshaol ag teastáil dóibh. Is féidir clárú saor in aisce, má tá fonn oraibh a bheith i mbarr an scuaine le friotháil a dhéanamh ar ár máistrí nua.

Ag baint an-sult as Féile Ghobnatan i mBaile Bhuirne. I measc na mbuaicphointí an turas a thug Eibhlín Ní Lionáird dúinn ar Reilig Ghobnatan. Seo í ag taispeáint Síle na Gig dúinn ós cionn fuinneoige an teampaill.

Eibhlín Ní Lionáird ag seasamh i bhfuinneog shean teampaill

An ghrian agus plúr na gréine ar an ngrianstad. Plúr (bláth) a bhfuil boladh láidir fanaile uaidh. Rud suaithinseach faoi: Tá sé dé-éiciach ach níl ach na cinn fhireanna in Éirinn nó sa mBreatain (ní bláth dúchasach atá ann). A milseacht á cur amú ar aer an fhásaigh, mar a dúirt an file.

BildBild

Is é @darachoscolai.bsky.social an chéad aoi eile don "Oíche le...", sraith imeachtaí a thugann deis comhluadar a choinneáil i suíomh seascair sócúlach le daoine spéisiúla. Bígí linn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch (H91YW9W) ag a hocht ar an Aoine.

Bild
Cathal Seoighe @cathal.bsky.social · 8mo ago

Beidh easóg linn ar an mBruach Thoir an Aoine bheag seo, mar chuid den tsraith imeachtaí "Oíche le..." ina mbíonn aoíanna éagsúla sa gcathaoir againn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch. Fáilte roimh chách.

Ainneoin nach bhfuil sé dleathach suth a roghnú bunaithe ar thréithe tuartha (ar nós airde, aigne ⁊rl) san RA (ná anseo) i gcomhthéacs IVF, is léir go dtarlaíonn sé. Úsáid á bhaint as saoráil faisnéise ⁊ comhlachtaí i dtíortha eile. Rud nach mór dul i ngleic leis. www.theguardian.com/society/2025...

UK IVF couples use legal loophole to rank embryos based on potential IQ, height and health

British fertility clinics raise scientific and ethical objections over patients sending embryos’ genetic data abroad for analysis

theguardian.com

Beidh easóg linn ar an mBruach Thoir an Aoine bheag seo, mar chuid den tsraith imeachtaí "Oíche le..." ina mbíonn aoíanna éagsúla sa gcathaoir againn Tigh Mhaidhc Pháidín i Mionloch. Fáilte roimh chách.

Bild

D'fhás mé biatas siúcra i mbliana agus chaith mé cuid den lá le mo mhac is óige ag iarraidh siúcra a bhaint as cupla ceann acu. Torradh: mórán stró ar bheagán siúcra (a bhfuil blas láidir thornapaí air).

Biatas siúcraSíoróip i trádaire stáin - criostalú ar bun (tá súil againn)