Tá taighde iontach foilsithe ag ár gcairde @childrensbooksireland.ie maidir leis na nósanna léitheoireachta atá ag daoine óga in Éirinn. 💗 🔗 Tuilleadh eolais ag https://childrensbooksireland.ie/news-events/children-and-young-peoples-reading-ireland-report-2026 @forasnagaeilge.bsky.social
Hanna Ní Lochnáin
@nilochnain.bsky.social
Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath. Táim anso don nGaelainn.
An bhfuil www.reimnigh.com ann a thuilleadh a @davissandefur.bsky.social ? Áis iontach í. Ba mhór an trua dá mbeadh sí imithe.
reimnigh.com
Alt tábhachtach. Is maith í Póilín.
31 bean maraithe i dTuaisceart Éireann ó 2020
An bhfuil a fhios ag éinne cén Gaelainn a mbeadh ar an sloinne Béarla "Hendron" le bhur dtiol??
An láthair oibre inné. Ubh Druide agus í tréigthe anois faraor de dheasca an obair tógála atá á déanamh.
Bá na Scealg inné agus na Cruacha Gorma sa chúlra!
D'fhoghlaimíos frása nua i gCiarraí cúpla seachtain ó shin (buíochas le @maryqa.bsky.social), agus tá sé thar a bheith ábhartha inniubh...."batharnach bháistí"!
An láthair oibre inniu. Foirgneamh tréigthe agus tá nead fáinleoige istigh ann. Bhí an tuismitheoir seo ag feitheamh ar an scafall fad is a bhíomar istigh. Ní bheidh aon obair ag tosnú roimis an fómhar!
Thaitin an mhír seo le @darraghocaoimh.bsky.social ar Thús Áite inné go mór liom. Ana-chainteoir é Darragh! open.spotify.com/episode/1zfh...
Tús Áite: Cruinniú an G7
Tús Áite · Episode
open.spotify.com
Is dócha gur theastaigh uathu "Meallann beathú do cholúir míolra." a rá. Agus canathaobh an chamóg??
@tuairisc.bsky.social Tá leagan amach na hailt is déanaí ar Tuairisc ró-leathan don scáileán ⁊ cúpla focal gearrtha amach ag deireadh gach líne. Deacair iad a léamh mar atáid.
A chairde na leabhar, níl Lig Sin i gcathú léite agam go fóill (tá sé in áirithint agam sa Leabharlann le níos mó ná ceithre mhí anuas 🤨).Ar chóir dom fanacht go dtí go bhfuil an leabhar léite agam sula thugaim fén eagrán reatha do Chomhar? An bhfuil "spoilers" ann??
Tá géarghá le Myles Na Gopaleen nua nó Kafka Gaelach chun ciall a bhaint dúinn as an iliomad rudaí seafóideacha mar seo a tharlaíonn lá i ndiaidh lae.
Leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge
Thugas sciuird ar an gCogarlann (mar a chuir duine ann air) aréir. B'fhéidir ós rud é go bhfuil na Gaeil dulta isteach ann go tiubh te tapaigh, nó mar gheall ar an aimsir bhreá, ach táid ar nós buíon déagóirí sceitimíneach ag Féile ann.
Tá a fhios agat go bhfuil tú (sách) Gaelaithe nuair a mbíonn ort an leagan Gaelainne d'fhocal a fheiscint chun an leagan Béarla a thuiscint i gceart! Benedict = Beannacht - ar ndóigh!! Comhartha deas DAS - an seana-cheann é n'fheadar?
Ag súil go mór leis seo anocht!
Tráth na gCeist i Hynes i mBóthar na gCloch, D7 ceisteanna iontach ó Mhartha! Ticéad anseo >>> www.tickettailor.com/events/craob... ⭐️ Dé Céadaoin 6ú Bealtaine 8:30i.n. ⭐️ €5 an duine, ceathrar ar fhoireann, duaiseanna den céad scoth
Moladh eile agam don gComhairle Cathrach inniubh. An póstaer seo - go hiomlán i nGaelainn. Ná deas é?
Níor thugas fé ndeara go dtí le déanaí go bhfuil an liosta a chuir Comhar i dtoll a chéile dosna 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas curtha ar a suíomh ag Leabharlann Átha Cliath: www.dublincity.ie/library/blog... Táim ag déanamh mo bhealach (go mall) tríothu.
Comhar: Na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas.
Roghnaigh Comhar, an iris mhíosiúil, an 25 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh le 25 bliana anuas le déanaí.
dublincity.ie
Suirbhé mar gheall ar lóistíní turasóireachta. Tá leagan Gaelainne ann ach sách doiléir in áiteanna. ec.europa.eu/eusurvey/run...
Tourist Accommodation Strategy - Public Consultation Survey
ec.europa.eu
Tá na póstaeir tagtha. Bhí an boc seo os mo chomhair amach ar maidin nuair a d'oscailíos na cuirtíní!
Bhí Séamus Delargy i mBaile an Sceilg oíche an daonáireamh 1926.
An t-am san den bhliain aríst. Ar an 12.04 anuraidh a chrochas pictiúr mar seo.