Is deas an suaimhneas atá anseo ó tharla Imeacht na nIarlaí go Cogar. Tá súil agam an scata beag atá fós ann a chur le grúpa WhatsApp an teaghlaigh agus cloisfidh sibh uaim nuair a bheidh na fataí curtha chun boird nó tomachaí le gearradh sa ngarraí.
Tá ríméad orm THÚ a bheith anseo nó Tá ríméad orm TÚ a bheith anseo le bhur dtoil
'Más gá daoibh leabhar a scríobh, bíodh sí gearr.' B'fhéidir go mba chóir do Chlár na Leabhar Gaeilge scéim set-aside a chur ar bun, mar a bhí ag na feirmeoirí tráth.
753 leathanach, rud nár thuig mé nuair a d'ordaigh mé ón leabharlann í. Más gá daoibh leabhar a scríobh, bíodh sí gearr.
B'fhéidir gurb é an duais fhíor ná na daoine a casadh orainn ar an mbealach...
Tá smugairle na gaoithe fairsing ar chladach Chonamara faoi láthair agus é galánta, seolta
Teanga ár sinsear ag The Cure, cé is moite den tuiseal gairmeach
MÍLE BUÍOCHAS, ÉIRE! 📸 Rick Joaquim
Leis an gcumascóir láimhe a mheascaim isteach an t-im anois, le teann leisce
@darachoscolai.bsky.social Seo é an chuma a bheidh ar an sorn nua sin atá agat tar éis 10 mbliana mura dtabharfaidh tú aire dó
Scéal éadrom faoi fhear a chuir caoi ar a shaol. Caibidlí gearra - bheadh fonn ort coinneáil ort agus ceann eile a léamh go bhfeicfeá céard a tharlódh. Thaitin an Ghaeilge lom liom.
Ós rud é go bhfuil an Treoir Bronntanas um Nollaig seolta ag Osgur, molaim féin scian trátaí Victorinox.
Ní furasta cártaí deasa Gaeilge a aimsiú ach seo tús maith - Mireog
Cé gur mise mé féin a chuireann na silíní sna bonnóga, bíonn díomá orm i gcónaí a laghad acu a bhíonn iontu
Scéal ollmhór do chathair na Gaillimhe - cuirigí isteach an CV
Na 25 leabhar Gaeilge is fearr le 25 bliain anuas - Comhar na míosa seo Seo na cinn a shíneann muid ag a chéile tar éis an Aifrinn nó amuigh ar an bportach, agus an léirmheas beag againn "seo, coinnigh í, bhí sí alright".
Lá breithe sona x 7 La breithe shona x 0 Tá an taoide ag casadh, tá an féinics ag aiséirí