Gaelchló

@gaelchlo.bsky.social

Tá na staitisticí do mhí Iúil le fáil anois. Mí an-ghnóthach ba ea í. Mar is gnách, bhain Bunchló GC uimhir a haon amach ag barr na gcairteacha. Choinnigh Glanchló GC an dara háit ach b'éigean dó an onóir a roinnt le Seanchló GC. 1/2

Bild

Tá an leagan trom de Bhunchló GC le feiceáil ar chomharthaí sráide i Neidín, Contae Chiarraí. Ach ná creid gach a bhfuil scríofa orthu: is fada ó bhí stáisiún iarnróid i Neidín!

Bild

Den chéad uair, tá nasclitreacha roghnacha le fáil sna leaganacha is déanaí de Bhunchló GC, de Mhínchló GC agus de Sheanchló GC. Taispéanann an físéan thíos conas a úsáidtear na nasclitreacha in MS Word ar chóras Windows.

Agus cluiche ceannais uile-Éireann san iomáint ag druidim linn - Gaillimh Abú! - is mithid pictiúr de leac uaighe Mhichíl Cíosóg i reilig Ghlas Naíon a fhoilsiú anseo. Taitníonn an dearadh linn: tá sé sainiúil gan a bheith mórchúiseach.

Bild

Ba é 'Cló na Saoirse' a d'fhoilsigh an leabhrán seo le Donn Piatt. Níl bliain a fhoilsithe luaite air, ach tugann cartlann na Leabharlainne Náisiúnta le fios gur eisíodh é in 1933.

Bild

Tá an litreoireacht bhreá seo le feiceáil ar leac uaighe i reilig Ghlas Naíon. Is cosúil gur greanadh an chéad alt agus an tríú alt sna 1930idí agus gur cuireadh an dara alt leo sna 1970idí. Níl na litreacha déanacha chomh rialta ná chomh trom leis na cinn luatha, ach taitníonn an 'V' linn.

Bild

Q. Is it enjoyable to have to create multiple weight variations and italics for each font that you create? “This is the work. Is all of it equally enjoyable? No, but it is what trains skills and shapes us as people who make this particular class of thing.