Leabhar Breac

@leabharbreac.bsky.social

Teach foilsitheoireachta i gcroílár Chonamara.

Alé Mercado agus 'Sadhbh' ar an bhfadliosta do ghradam idirirnáisiúnta dearthóireachta: “Is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne faoi Sadhbh ná an mothú go raibh gach gné de — teanga, ábhar, íomhá agus rithim — ag tarraingt le chéile, sa treo céanna.” @alemercadodraws.bsky.social

Sadhbh le Darach Ó Scolaí ar an bhfadliosta do ghradam idirnáisiúnta

Tá leabhar Gaeilge ó Leabhar Breac ar an bhfadliosta don World Illustration Awards 2026

tuairisc.ie

Darach Ó Scolaí agus Aodh Ó Coileáin ag ócáid de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, inné, inar thug an t-údar caint ar a úrscéal Bódléar.

Darach Ó Scolaí agus Aodh Ó Coileáin

“Aoir é seo chomh maith, aoir ar mhórchúis, ar mhustar, ar éileamh thairis mar is ceart. Go deimhin, is féidir a rá gur dánaíocht ar an bhfírinne (pé í féin) atá san úrscéal greanta snoite domhainéadrom seo.” — Alan Titley in Scéal san @irishtimes.com Dé Máirt

Bódléar

Úrscéal a phléann leis an athrú a tháinig ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois, agus ceiliúradh ar Fhilí na Mumhan agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrai...

leabharbreac.com

Tigh Charlie Byrne i nGaillimh, 6pm Déardaoin, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait — pictiúrleabhar do léitheoirí fásta agus é maisithe ag Aodh Mac Lochlainn. "Údar aoibhnis" dar le Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie

Ceas an Chait le Seoladh i nGaillimh - Leabhar Breac

Tigh Charlie Byrne, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn ...

leabharbreac.com

"Dán atá ar maos i gcaint throdach radacach ó reacaire nach leasc leis a bharúil a chur in iúl gan frapa, gan taca agus, fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tá friotal fileata an dáin neadaithe sa traidisiún as ar fáisceadh Ó Miléadha." leabharbreac.com/tri-gluine-g...

Trí Glúine Gael le seoladh sna Déise - Leabhar Breac

Dé Sathairn 31 Eanáir, seolfaidh an Dr Ciarán Ó Gealbháin Trí Glúine Gael, eagrán nua den dán fada clúiteach a chum an Déiseach Pádraig Ó Miléadha agus a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1953. Chomh maith le...

leabharbreac.com

Inniu, le linn Éigse Cholm Cille in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann i nDoire, a sheolfaidh na heaspaig Donal McKeown agus Andrew Forster an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille. Ollscoil Uladh atá i mbun na hócáide. leabharbreac.com/cnuasach-ais...

Cnuasach aistí ar Cholmcille le seoladh inniu - Leabhar Breac

Le linn Éigse Cholm Cille nDoiire, in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann inniu, a sheolfar an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille inniu. Cnuasach aistí ar thionch...

leabharbreac.com

Máire Ní Fhinneadha: "Údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin, ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin." tuairisc.ie/cnuasach-gea...

Cnuasach gearrscéalta don chatghráthóir is don chatséantóir

Deirtí riamh gur iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh leis an im agus tá naoi gcinn de na bealaí sin sna naoi ngearrscéal i gcnuasach nua

tuairisc.ie