Oisín Mac Giolla Dhaltúin

@oisinmac.bsky.social

Mar a dúradh faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló, ''Gael uirbeach a bhí éirimiúil, cróga agus tírghrách, é fréamhaithe ina chultúr dúchais ach muiníneach as a ról sa saol nua-aoiseach''

A chairde, Cé is moite de Ráth Chairn, Baile Ghib, Baile Ailín, agus Cill Bhríde/An tInbhear Mór, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith agaibh ar na coilíneachtaí Gaeltachta eile a bhunaigh Coimisiún na Talún in oirthear na tíre?

Dar leis an athbhreithniú ar na 10 limistéir pleanála teanga a foilsíodh inné, tháinig méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla GA i 9 gcinn de na LPTanna idir 2016, 2022, ach tá sé seo ag tíocht salach ar thorthaí an daonáirimh agus níl aon tagairt ann dos na figiúirí úd. Cá bhfuarthas iad?

Scríobhas alt mar gheall ar oíche stairiúil i gcinniúint an Hip Hap Ghaelaigh a thit amach sa gCeannchathair Ibeirní le linn féile @imramfeile.bsky.social 2025. Cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, tá ré an Hip Hap Ghaelaigh buailte linn. nos.ie/cultur/ceol/...

An oíche is mó sa Hip Hap Gaelach... go dtí seo - NÓS

Grianghraf le Jeaic Mag Fhinn. Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíoch...

nos.ie

", cé a bheidh"? Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge?

Bild

Is ann do "Teach an Chustaim", "Teach an Ard-Mhéara" agus na tithe tábhairne "Teach na Céibhe" agus "Teach Neilí Rua" i lárchathair Bhleá Cliath. An bhfuil cúis ar leith ann go n-úsáidtear "Teach" in ionad "Tigh" i mBÁC, ar nós na n-Ultach?

Rudaí a d'fhoghlaim mé faoi Shéamas Ó Conghaile ag seoladh leabhair Chonor McCabe i nGlaschú aréir: Bhí an Conghaileach líofa in Iodáilise (ar thug sé leis ó oibrithe Iodálacha i Meiriceá), agus is dócha go léadh sé nuachtáin Fhraincise.

BildBild