Séamus Ó Conaill

@conallach.bsky.social

Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra

Tá inscríbhinní Gaeilge a rinneadh chun a bpósadh a cheiliúradh le feiceáil, mar aon leis an teach inar bhuail Éamonn Ceannt agus Áine O'Brennan lena chéile den chéad uair, teaghlach agus óige Ceannt, agus breith a mic, Ronan. Tá roinnt sceitsí pinn luaidhe le feiceáil san imleabhar freisin.

BildBildBildBild

Crann atá go maith chun beacha a mhealladh ná an caorthann. An t-am seo den bhliain, fásann bláthanna beaga buíbhána air agus bíonn an crann beo beathach le beacha. Caithfidh go bhfuil na céadta beach air i láthair na huaire, a ndordán ag líonadh an aeir.

Is trua nár aistríodh ach leabhar amháin sa sraith Harry Potter go Gaeilge. Tá an chéad leabhar ‘Harry Potter agus an Órchloch’ fíormhaith, aistriúchán paiteanta le saibhreas Gaeilge déanta ag Máire Nic Mhaoláin. Ach, nuair atá sé sin léite, caithfidh an páiste iompú ar an mBéarla…

Tuismitheoir: duine a bhfuil páiste nó páistí acu Tuirsmitheoir: duine a bhfuil páiste nó páistí acu agus nach bhfuair mórán codlata aréir (nó go rialta)