Derek

@dirkvanbryn.bsky.social

Amach as na muineacha is isteach sna driseacha Eagarthóir foclóireachta 📖 https://www.focloir.ie/ga

I've always felt the best way to get people subscribe to @dublininquirer.com, is just to publish good articles and wait and hope. But I'm told, that people are busy and might have other things on their minds than us, so I'd better make a pitch, better ask. So here goes. 1/

Seoladh an chéad sciar den fhoclóir nua Gaeilge anuraidh agus beimid ag tabhairt aghaidh anois ar na beithígh mhóra scanrúla. Seo iad na ceannfhocla is mó inár mbunachar (an uimhir sin = líon na mbríonna san iontráil sin). Is mairg don eagarthóir a fhaigheann 'cuir'

Bild

An-lá go deo le déanaí ag ceiliúradh 100 bliain den Ghúm. B'údar iontais & bróid dom é gur iarradh orm caint bheag (san aer) a thabhairt ar na foclóirí aonteangacha don aos óg a foilsíodh sna 70idí/80idí. Crochfaidh mé roinnt den ábhar sin ar líne ag pointe éigin. www.independent.ie/seachtain/se...

2,000 leabhar i 100 bliain: Áit i stair an stáit agus na Gaeilge tuillte ag An Gúm

Bhí comhdháil lae ag ceiliúradh 100 bliain den teach foilsitheoireachta An Gúm díolta amach ar an Déardaoin seo caite, agus scríbhneoirí, eagarthóirí, lucht foilsitheoireachta agus acadúil cruinnithe ...

independent.ie

The entire purpose of the 72-hour waiting period for an abortion in Ireland is the cruelty of it. They’re hoping that dragging it out will pressure/scare you into not going through with the abortion. There is zero medical need for it. The cruelty is the point

An-saothar atá i gCOMHAR na míosa seo, móreagrán a dhéanann ceiliúradh ar an nGúm. Scoth na scríbhneoireachta ó pheann (ó mhéarchlár?) Sheosaimh Uí Mhurchú ag tosach na hirise, ag moladh na hoibre agus ag tabhairt urraim do Gabriel Rosenstock. comhar.ie/iris/86/5/an...

Na leabhair don aos óg ag dul siar chomh fada leis an tsraith ‘Laethanta Gréine’ sna 1920idí anuas go dtí Níl Éisc le Trust an lae inniu, idir bhunleabhair, aistriúcháin agus chomheagráin, is iad is mó, is dócha, a d’fhág a rian ar léitheoirí uile na tíre. Is beag leanbh a tógadh in Éirinn le leathchéad bliain anuas nach raibh Bran nó ceann éigin de leaganacha Mháiréad Ní Ghráda de na síscéalta móra ina lámha ag am éigin.

Bhí Gabriel Rosenstock ar dhuine de na fathaigh a shaothraigh sa ghort sin mar bhall foirne sa Ghúm. Eagarthóir, file, údar agus aistritheoir bisiúil beoga ba ea é a raibh scóip an pháiste agus gaois an tsaoi araon ag baint lena shaothar. Duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne seo é a d’imigh uainn agus an t-eagrán seo á chur le chéile. Is boichtede saol na nGael a imeacht ach fanfaidh saibhreas buan a shaothar saoil linn i gcónaí. Ba leis guth na síthe, na daonnachta agus na heagna agus an saol ina chaor marfach mire mórthimpeall orainn. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

buntáiste amháin faoin ngá le spéaclaí a chaitheamh ná gur féidir liom iad a bhaint agus mé ag breathnú ar TG4 agus ní bheidh cathú orm na fotheidil Bhéarla a léamh 👉 🧠