Conchúr Mag Eacháin

@mageachain.bsky.social

Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA. Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC

Bhí fear as Inis Meáin ag caint ar Iris Aniar le déanaí. Cóilis atá acu in áit gabáiste, Bagún & cóilis. Éisteoir as Árainn an lá dár gcionn is an seanfhocal seo aige: Fear gan eolas a thiúrfadh cóilis ar ghabáiste. Is dóigh gur seanfhocal an-áitiúil é sin nach bhfuil sna leabharthaí arsa mise...

Seanfhocla Chonnacht

'Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa, Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin dhuit, Is chughatsa a thánag ag gearán mo scéil leat, Is a d'iarraidh leighis ar son Dé ort.' Lá 'le Gobnait, naomhphátrún na mbeach. Grianghraif dá cuid toibreacha i mBaile Bhuirne agus i nDún Chaoin

dealbh de Ghobnait i mBaile Bhuirne, Corcaigh agus bláthanna thart timpleall uirthiTobar i mBaile Bhuirne agus céimeanna síos chuige. Crann agus ribíní daite ar thaobh na láimhe cléTobar i nDún Chaoin Dealbh bhrád de Ghobnait a rinne Clíodhna Cussen. Rósanna ar snámh in uisce an tobair

"Haigh, tá an chuma ort go rabh cúpla pionta agat aréir is nár chodail tú go rómhaith ach oiread. Chlis ar mo charr - an féidir leat í a bhrú 20 slat suas an bóthar. Ó, agus fanóidh gach duine eile ina gcarranna ag amharc ort." Mise: 🫩

Is oth linn a chloisteáil gur cailleadh Máirtín Ó Murchú, a bhí ina ollamh sinsearach anseo agus ina stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh ó 1987 go 1997. We are saddened by the loss of Máirtín Ó Murchú, former senior professor and Director of SCS between 1987 and 1997. rip.ie/death-notice...

Death Notice of An tOllamh Máirtín Ó Murchú (Dublin) | rip.ie

The death has occurred of An tOllamh Máirtín Ó Murchú of Dublin Ireland, on 22/01/2026. You can view the full death notice and add your condolences here.

rip.ie

An rud a thaitníonn liom fán CLG go bhfeiceann tú páistí ag caitheamh geansaithe contaetha eile nach mbaineann leo. Cheannaigh duine geansaí David Clifford don leaidín bheag. Tá Ard Mhacha ag imirt ag a 2pm. Tá Ciarraí ag imirt ag a 2pm fosta. Tá an leaidín beag ag iarraidh amharc ar Chiarraí.

two men standing in front of a sign that says ' je live '

ALT: two men standing in front of a sign that says ' je live '

media.tenor.com

Thug mo bhean an cailín beag léi leis an leaidín beag a bhailiú ón chreche le déanaí. D'fhreastail mo níon ar an chreche chéanna. Thoisigh an bhean á ceistiú fán scoil srl. Char úirt mo níon smid. Sa bhaile d'fhiafraigh mo bhean di tuige nár fhreagair sí í. "Cos she asked me in English" ar sí 😅